RTÉ Radio

Find a Programme

Oireachtas

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Oireachtas na Samhna 2011 i gCill Airne

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne i gCo. Chiarraí ó 1-6 Samhain agus beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón bhféile ón Déardaoin. Beidh lucht eagraithe na féile, cuairteoirí, ceoltóirí, iomaitheoirí agus tuilleadh nach iad le cloisteáil ar na cláracha An Saol ó Dheas, Rónán Beo @3 agus Togha agus Rogha. Beidh Rónán Beo @3 Dé hAoine agus Togha agus Rogha Dé Sathairn á gcraoladh beo ón foyer in Óstán Ghleann an Iolair, agus beidh siad á gcraoladh beo ar an idirlíon chomh maith. Beidh neart goodies againn le tabhairt amach dóibh siúd atá i láthair, mar sin má tá sibh ag an Oireachtas bígí linn do na cláracha sin beo ón foyer! Beidh na príomhchomhórtais sean-nóis againn chomh maith oíche Dhéardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn ón 7 pm.

Oireachtas na Samhna will take place in Killarney, Co. Kerry from 1-6 November, and RTÉ Raidió na Gaeltachta will be broadcasting live from there, including full broadcast of the three main sean-nós singing competitions on Thursday, Friday and Saturday nights at 7pm.

RTÉ RnaG beo ón Oireachtas

loading video

Togha agus Rogha beo ón Oireachtas i gCill Airne

loading video

Déardaoin 3 Samhain

An Saol ó Dheas (12pm) Listen Back
Á chur i láthair beo ón Ródaí ag Helen Ní Shé

Binneas Béil (3pm) Listen Back
Á chur i láthair beo ón Ródaí ag Áine Uí Laoithe

Comórtais Cháilithe d'Amhránaithe faoi 35 (7pm) Listen Back
Á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide

Dé hAoine 4 Samhain

An Saol ó Dheas (12pm) Listen Back
Á chur i láthair beo ón Ródaí ag Helen Ní Shé

Rónán Beo @3 (3pm) Listen Back
Á chur i láthair beo ón foyer in Óstán Ghleann an Iolair ag Rónán Mac Aodha Bhuí
agus á chraoladh beo ar an idirlíon

Comórtais sean-nóis na mBan agus na bhFear (7pm) Listen Back
Á chur i láthair ag Áine Uí Laoithe agus Máirtín Mac Donnchadha

Dé Sathairn 5 Samhain

Togha agus Rógha (11.30am) Listen Back
Á chur i láthair beo ón foyer in Óstán Ghleann an Iolair ag Áine Uí Laoithe
agus á chraoladh beo ar an idirlíon

Corn Uí Riada (7pm) Listen Back
Á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín

Dé Domhnaigh 6 Samhain

Aifreann an Oireachtais (10.30am) Listen Back
Ó Ardeaglais Chill Airne

Togha agus Rogha (11.30am) Listen Back
á chur i láthair beo ón Ródaí ag Máirtín Tom Sheáinín

RTÉ Raidió na Gaeltachta Pictiúiri


RTÉ Raidió na Gaeltachta Twitter


RTÉ Raidió na Gaeltachta Facebook

Físeáin den Oireachtas