Seirbhís chraoltóireachta poiblí a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil do phobail Ghaeltachta agus Ghaeilge na tíre seo seacht lá na seachtaine ceithre huaire fichid sa lá. Bíonn muid ag craoladh ó ionaid réigiúnacha i nGaillimh, i nDún na nGall, i gCiarraí, i Maigh Eo agus i mBaile Átha Cliath, agus tugann muid ardán náisiúnta do na pobail sna ceantair sin. Bronnadh an gradam do Stáisiún Raidió na Bliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana, aitheantas ar feabhas na seirbhíse, agus ar an éagsúlacht clár a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún, ó chúrsaí nuachta go cúrsaí spóirt, irischláir, cláracha ceoil, cláracha faisnéise agus gnéchláir.
RTÉ Raidió na Gaeltachta is an example of the best in public service broadcasting, providing Gaeltacht and Irish-language communities with a national platform in which to debate matters of national and regional interest. Broadcasting from centres in Galway, Donegal, Kerry, Mayo and Dublin, it serves the needs of a diverse population, and will broadcast a variety of programmes, from sport to drama, news to features and music, in this coming season. The service was named Radio Station of the Year at the Celtic Media Festival earlier this year.
RTÉ News and Current Affairs
GTá sé léirithe go mion minic ag suirbhéanna go bhfuil feabhas na seirbhíse nuachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar cheann de na fáthanna is mó a éisteann daoine leis an stáisiún, agus, mar is iondúil, is féidir le héisteoirí a bheith ag súil le clúdach cuimsitheach ar chúrsaí nuachta i sceideal an fhómhair. Beidh toghchán na huachtaránachta agus an trí reifreann, an cháinaisnéis, agus fo-thoghchán Bhaile Átha Cliath Thiar ar chuid de na hábhair nuachta is mó as seo go ceann roinnt míonna agus déanfaidh foireann nuachta na seirbhíse na scéalta sin a chíoradh go mion. Beidh Adhmhaidin, atá ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer, le cloisteáil ag 8.00 am ó Luan go hAoine le Gearóid Mac Donncha, agus is í Máirín Ní Ghadhra a bheidh sa chathaoir don chlár Nuacht a hAon. Chuaigh Eagraí Polaitíochta nua na seirbhíse, Beirní Ní Chuinn, i mbun dualgas ag tús an tsamhraidh, agus coinneoidh sí eolas le héisteoirí maidir le gach cor sa bhóthar corrach go hÁras an Uachtarán, agus aon ní eile a thiteann amach i gcúrsaí polaitíochta na tíre. Cuireann Raidió na Gaeltachta seirbhís nuachta áitiúil den scoth ar fáil do phobail Ghaeltachta na tíre, agus leanfaidh na foirne nuachta ó thuaidh, thiar agus ó dheas leis an sárobair sin sa sceideal nua.
Surveys have repeatedly found that the quality of the RTÉ Raidió na Gaeltachta news service is one of the prime motivating factors for listeners and this autumn the station will continue to develop its news service, covering national, international and regional stories. Award-winning morning current-affairs programme Adhmhaidin, which celebrates 25 years on air this year, will be back at 8 a.m. weekday mornings with Gearóid Mac Donncha at the helm, and Máirín Ní Ghadhra will head up lunchtime news programme Nuacht a hAon. The race for the park will begin in earnest in the autumn, and Beirní Ní Chuinn, RTÉ Raidió na Gaeltachta's newly-appointed Political Editor, will keep listeners abreast of all developments, as well as offering analysis of breaking political stories. The regional news service provided by Raidió na Gaeltachta is unequalled in its breadth or expertise, and news teams in the Casla, Baile na nGall and Doirí Beaga studios will continue their excellent work in the new season.
RTÉ Sport
Bíonn clúdach cuimsitheach ar imeachtaí spóirt ar fud na tíre, agus go deimhin níos faide ó bhaile chomh maith, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Bíonn anailís, agallaimh agus tráchtaireacht bheo ar an gclár Spórt an tSathairn gach seachtain, á chur i láthair ag Seán Bán Breathnach. Ansin Dé Domhnaigh, is iondúil gur ar na cluichí Gaelacha a bhíonn an aird dírithe. Is é Micheál Mac Donnchadha a chuireann an clár Spórt an Lae i láthair, agus clúdach ar chluichí Gaelacha na sraithe náisiúnta, na craoibhe sinsir agus mionúir, cluichí áitiúla na gcontaethe Gaeltachta agus cuid mhaith leis. Bíonn muid i láthair ag na hócáidí móra uilig, dár ndóigh, ach chomh maith leis sin bíonn muid ag freastal ar na cluichí áitiúla sna ceantair Ghaeltachta. Bíonn na tuairiscí uilig ar chluichí an lae agus agallaimh le cloisteáil ar Spórt an Domhnaigh tráthnóna.
RTÉ RnaG brings you coverage of sports events throughout the country, and further afield, all year round. Spórt an tSathairn, presented by Seán Bán Breathnach, returns with live commentary, interviews and analysis of the day's sports action. Sundays will be dedicated as always to Gaelic games. Micheál Mac Donnchadha presents Spórt an Lae in the afternoon with live coverage of Gaelic games league, senior and minor championship matches and local matches in Gaeltacht counties. Spórt an Domhnaigh gives a roundup of all the results of the day, and analysis of matches.
Chat programmes
Is í Eibhlín Ní Chonghaile a ainmníodh mar Phearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana agus beidh sí ar ais sa chathaoir d'Iris Aniar ag tús mhí Mheán Fómhair. Beidh Áine Ní Churráin ar ais ar an stiúir ar chlár irise an tuaiscirt, Barrscéalta, beidh Helen Ní Shé ar na maidí don Saol ó Dheas, agus is é Cormac Ó hEaghra a bheidh sa chathaoir do chlár irise an oirthir, Glór Anoir, tráthnóna. Cláracha iad seo a mbíonn dianphlé le cloisteáil orthu ar scéalta nuachta an cheantair, ceisteanna pholaitíochta, ábhair atá ag déanamh imní do phobail Ghaeltachta éagsúla, chomh maith le himeachtaí atá ar siúl agus míreanna rialta garraíodóireachta, dlí, sláinte agus tuilleadh nach iad. Tar éis am dinnéara, beidh éisteoirí ag súil go mór le Máirtín Tom Sheáinín a chloisteáil arís ar Ardtráthnóna ag 2 pm ó Luan go Déardaoin, agus beidh Rónán Mac Aodha Bhuí, Pearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach, ar ais ar an aer ar 6 Meán Fómhair le séasúr eile de Rónán Beo @3 ó Mháirt go hAoine ag 3.00 pm.
Eibhlín Ní Chonghaile was named Radio Personality of the Year at the Oireachtas Media Awards this year and she returns in the autumn to the helm of Iris Aniar, the Galway magazine programme, which is followed by Donegal magazine programme Barrscéalta, presented by Áine Ní Churráin, and Kerry programme An Saol ó Dheas, with Helen Ní Shé behind the mic. The evening magazine programme for the east of the country, Glór Anoir, will be presented by Cormac Ó hEaghra. These programmes all follow breaking news stories, political issues and community concerns in the various regions, as well as events, and include regular features on health, gardening, legal matters, and more. Máirtín Tom Sheáinín's fans will no doubt be anticipating his return to Ardtráthnóna in September, and Rónán Mac Aodha Bhuí returns triumphant to his throne on Rónán Beo @3 Tuesday-Friday at 3.00 pm, having won the prize for Radio Personality of the Year at the Celtic Media Festival this year, as well as the prize for Radio Programme of the Year at the Oireachtas Media Awards for the second year running.
RTÉ Music
Bhí áit lárnach ariamh ag an gceol traidisiúnta i sceideal ceoil Raidió na Gaeltachta agus is amhlaidh a bheidh sa sceideal nua. Ar chuid de na cláracha a bheidh le cloisteáil, beidh Ceol Binn ó na Beanna, á chur i láthair tráthnóna Dé Máirt ag Eagraí Ceoil na Seirbhíse Neansaí Ní Choisdealbha. Togha an cheoil a bhíonn ag Neansaí d'éisteoirí an chláir seo, idir thaifeadtaí beo ó fhéilte, ó choirmeacha ceoil, agus ó scoileanna ceoil fud fad na tíre, go ceol ó na dlúthdhioscaí is deireanaí ar an mhargadh. Beidh sraith nua de Shruth na Maoile, an chuid is fear de cheol na hAlban agus na hÉireann, le cloisteáil tráthnóna Déardaoin ó Mheán Fómhair, agus beidh Timpeall an Tí le Tomás Mistéal le cloisteáil tráthnóna Dé Sathairn. Don dara bhliain as a chéile beidh comórtas ceoil á reáchtáil ag Peadar Ó Riada ar a chlár Cuireadh chun Ceoil tráthnóna Dé hAoine. Beidh an comórtas dírithe i mbliana ar cheoltóirí ar an bhféadóg stáin agus ar an bhfeadóg mhór agus deis acu ar Bhonn Óir Sheáin Uí Riada.
Traditional music has always been central to the musical output of Raidió na Gaeltachta and the autumn schedule will continue to reflect this. Some of the programmes listeners can look forward to include Ceol Binn ó na Beanna, a selection of the best traditional music recorded at festivals, concerts and summer schools throughout the country, as well as the latest new releases, presented by Music Editor Neansaí Ní Choisdealbha. The popular Sruth na Maoile, featuring the best in traditional Scottish and Irish music, will return on Thursday evenings, and Tomás Mistéal will broadcast Timpeall an Tí from our Baile na nGall studio on Saturday evenings. Cuireadh chun Ceoil, presented by Peadar Ó Riada, will continue to offer some of the best in trad to listeners on Friday evening. This year flute and tin whistle players will also have the chance to compete for the coveted Seán Ó Riada gold medal in the second year of the competition inaugurated by the programme last year.
Anocht fm
Bíonn cláracha ANOCHT fm le cloisteáil ó 9 pm go 1am gach oíche ar Raidió na Gaeltachta, agus fillfidh siad arís san fhómhair. Dé Luain beidh Josie Ó Cualáin ar na maidí do Tequila Tíre agus é ag casadh an chuid is fearr de cheol tíre an domhain ó leithéidí Kris Kristofferson, Billy Joe Spears, Dolly Parton, Vince Gill agus Carrie Underwood. Eisíodh an ceathrú rogha ceoil ón Taobh Tuathail i mbliana, agus beidh Cian Ó Cíobháin le cloisteáil istoíche ag 11pm leis an gceol ailtéarnach nua-eisithe is fearr ar An Taobh Tuathail, agus beidh sé le cloisteáil ar an gclár nua Cúirt an Mheánoíche Dé Sathairn lena rogha pop-cheol, dioscó, hip-hop agus ceol indie. Beidh Áine Hensey sa chathaoir ag an deireadh seachtaine le ceol agus amhráin ó laochra an cheoil tíre agus tuaithe ó na seascaidí i leith ar An Ghealach Ghorm agus Duan Domhnaigh.
ANOCHT fm listeners can continue to enjoy their favourite late-night music programmes in the autumn from 9pm - 1am every night on Raidió na Gaeltachta. Weekday schedules will include Monday's country music programme Tequila Tíre, presented by Josie Ó Cualáin, bringing listeners music from artists such as Kris Kristofferson, Billy Joe Spears, Dolly Parton, Vince Gill and Carrie Underwood. Cian Ó Cíobháin released the fourth compilation of music from his underground music show An Taobh Tuathail earlier this year, and fans can continue to tune in at 11pm on weekday nights for their alternative music fix, as well as tuning in to Cian's new Saturday programme Cúirt an Mheánoíche where he gets to indulge his pop side a little! Áine Hensey's programmes An Ghealach Ghorm and Duan Domhnaigh will keep bringing listeners the best in folk and country music and song on weekend nights.