seo agus a gclann óg a insint do lucht éisteachta / féachana níos fairsinge. Ní haon éacht beag an dul chun chinn atá tagtha ar chúrsaí teicneolaíochta, agus dá mbuíochas sin, tá an deis ag daoine súil a chaitheamh ar na héanlaithe iontacha seo nuair a bhíonn siad ar gor, agus tógaint a gclann óg. Thuas seal, thíos seal, sin mar a bhíonn an saol do thuismitheoirí, agus iad ag déanamh a ndíchill a bpáistí a thógaint agus tuigfidh cuid mhaith againn na deacrachtaí sin.
Tá beartaithe ag na créatúir beaga seo cur fúthu sa bhosca seo de dhéantús an duine. Nuair a chuimhníonn tú go bhfuil daoine tar éis scriosadh a dhéanamh ar ghnáthóga ainmhithe áirithe, is deas a fheiscint gur féidir linn athshlánú a dhéanamh ar na ngnáthóga sin, suíomhanna níos sábháilte a chruthú dóibh agus ár ngáirdíní a dhéanamh i bhfad Éireann níos spéisiúla ag an am céanna. Tá tírdhreach na tíre seo athraithe thar tréimhse gairide ama, agus is é an fiadhúlra atá thíos anois leis. Is ionann ár noidhreacht nádúrtha agus a ngnáthóga nádúrtha, agus cuireann na gnáthóga sin go mór le háilleacht agus tarraingteacht na hÉireann, agus dá bhrí sin, tá leas dílsithe againn, agus caithfidhmíd í a chothú.
Cabhróidh na hambasadóirí beaga cleiteacha seo ó Áras an Uachtaráin, leis an scéal sin a scaipeadh mórthimpeall na tíre, cabhróidh siad lenár dtuiscint ar cé chomh tábhachtacht is atá an fiadhúlra dúinn, agus dár dtír. Cífear iad i seomraí ranga agus seomraí suí ar fud na tíre. Cuirfimid aithne orthu, agus beidh neart le múineadh acu dúinn, ós rud é go mbeimíd ag féachaint ar an saol seo, óna gcuid súile siúd.
Tá súil agam go mbeidh sibh go léir, ar nós mé féin, ag leanúint an fhorbairt a dhéanfaidh na créatúir beaga seo. Is teilifís réaltachta den scoth é seo! Beimíd i ndán na meantáin ghorma seo a fhaire go ciúin, neamhfheiceálach ceithre huaire fichead in aghaidh an lae, ar an idirlíon. Beidh siad ag déanamh na rudaí ceannan céanna is a bheidh na meantáin ghorma eile atá ag cur fúthu in áiteanna éagsúla sa tír – i gclósanna scoile, i ngáirdíní – agus gan aon duine ag tabhairt aird ar bith orthu. Tá an deis iontach seo againn anois súil chomhbhách a chaitheamh orthu. Sa domhan cruaidh, neamhchinnte seo tá fhios agam go bhfuilimíd go léir ag guí gach rath orthu. " |