RTÉ Radio

Find a Programme

Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

Christmas on RTÉ Raidio na Gaeltachta

Sunday December 22nd

Christmas

Súil Siar Peile (2pm)
Beidh painéal saineolaithe sa stiúideo inniu le meitheal spóirt RnaG le súil siar a chaitheamh ar an bhliain pheile.
A panel of experts, as well as the RnaG sports team, will be in studio today to cast an eye over the footballing year that was.

Féasta Ceoil Iorras Aithnigh (7pm)
Coirmcheoil a reáchtáladh i gCarna mar cheiliúradh ar an Lá Náisiúnta Ceoil, Love: Live Music, ar 21 Meitheamh.
A live concert of the best in Connemara traditional music, song and dance, held to celebrate National Music Day, Love:Live Music, on 21 June.

Tuesday December 24th

Christmas

Na Cumadóirí (1:30pm)
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge. Inniu, John Beag Ó Flatharta agus Ciarán Ó Fátharta.
A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís. Today, John Beag Ó Flatharta and Ciarán Ó Fátharta

Ceolchoirm i gcuimhne ar Mhuiris Ó Rócháin (7pm)
Ceol le Mick Mulcahy, Mick O'Brien, Séamus Begley, Johnny Connolly, i measc dhaoine eile, ó Choirmcheoil Chuimhneacháin Mhuiris Uí Rócháin i Rinn na Spáinneach i mí Eanáir.
Music from Mick Mulcahy, Mick O'Brien, Séamus Begley, Johnny Connolly, among others, from a concert in memory of Muiris Ó Rócháin recorded live in Co. Clare in January

Seoda Ceoil (11pm)
Sa tsraith nua seo beidh Fiachna Ó Braonáin ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas. Inniu, 'Ó Riada sa Gaiety'.
In this new series presented by Fiachna Ó Braonáin over Christmas, he takes a look at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years. The series starts today with 'Ó Riada sa Gaiety'.

Wednesday December 25th - Christmas Day

Christmas

Focail na Nollag (3pm)
Plé ar fhocail agus nathanna na Nollag le Micí Mac Aoidh, Máire Feiritéar agus Toose Mac Gearailt.
Word experts Micí Mac Aoidh, Máire Feiritéar and Toose Mac Gearailt join Rónán for a discussion about words and turns of phrase associated with Christmas.

Oratóir na Nollag (4pm)
Oratóir na Nollag - Ceol ar snámh ón spéir anuas, an chéad oratóir Nollag ariamh i nGaeilge, cumtha ag Colm Ó Foghlú.
A performance of the first Christmas Oratorio written in the Irish language, Oratóir na Nollag - Ceol ar snámh ón spéir anuas, by Colm Ó Foghlú.

Triúr (5:20pm)
Ceolchoirm leis an ngrúpa Triúr - Caoimhín Ó Raghallaigh, Martin Hayes agus Peadar Ó Riada, a taifeadadh i Halla na Feothanaí i gCorca Dhuibhne.
A concert with the group Triúr - Caoimhín Ó Raghallaigh, Martin Hayes and Peadar Ó Riada, recorded in Halla na Feothanaí in West Kerry.

Ceolchoirm Ros na Rún (7pm)
Ceolchoirm Nollag le haisteoirí agus criú an sobaldráma Ros na Rún, le Brian Kennedy, a taifeadadh i Eaglais San Nioclás i nGaillimh roimh Nollaig.
A Christmas concert by the actors and crew of TG4 soap Ros na Rún with special guest Brian Kennedy in the atmospheric surrounds of St. Nicholas' Collegiate Church, Galway.

Thursday December 26th

Christmas

Bus Feda (11am)
Clár faisnéise faoi gcomhlacht Bus Feda atá ar an bhfód ó 1983 a léiríonn tábhacht na seirbhíse do na mílte as Dún na nGall.
A documentary about Bus Feda - a family owned and managed coach company which has been plying the roads between Donegal and Galway since 1983.

An Saol ó Dheas (12:08pm)
Eagrán speisialta den Saol ó Dheas inniu, a taifeadadh i measc na n-imirceach i Londain i mí na Nollag.
A special edition of An Saol ó Dheas, recorded with Irish emigrants in London earlier in December

Na Cumadóirí (1:30pm)
Sraith nua faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge. Inniu, is Seán Ó hÉanaigh a bheidh faoi agallamh.
A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters featuring an interview with Seán Ó hÉanaigh today.

Súil siar ar Fhleadh Cheoil na hÉireann (9pm)
Buaicphointí ón gcraoladh beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann i nDoire i mí Lúnasa.
Highlights from our live broadcasting from Fleadh Cheoil na hÉireann in Derry in August.

Seoda Ceoil (11pm)
Sraith Nollag ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas. Inniu, 'Skara Brae'.
A Christmas series that takes a look at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years. Today, 'Skara Brae'.

Friday December 27th

Christmas

Freddie Fheargail (11am)
Míreanna as cartlann Dhoirí Beaga a léiríonn an saibhreas a d'fhág Feardorcha Ó Colla, duine den chéad seachtar craoltóirí a thosaigh le RnaG i 1972.
Some of the wonderful riches in the RnaG Donegal archives left to us by Feardorcha Ó Colla, one of the first 7 broadcasters who started with the service in 1972.

Na Cumadóirí (1:30pm)
Sraith nua don Nollaig faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge. Inniu, Gearóid Ó Murchú & Colm Mac Séalaigh ón ngrúpa Na Fíréin.
A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters. Today, an interview with Gearóid Ó Murchú & Colm Mac Séalaigh from Na Fíréin.

Ionad na nÉireannach i gCamden Town (2pm)
Labhrann Frances Nic Géadaigh leis an phobal Éireannach atá ar imirce i Londain a thagann le chéile san Ionad i Camden Town agus iad ag cur síos ar na cúiseanna gur fhág siad an baile, agus mar atá ag éirí leo i Londain.
Frances Nic Géadaigh talks to members of the Irish community in London who come together on a regular basis in the London Irish Centre in Camden town about the reasons they left home, and life in London.

Seoda Ceoil (11pm)
Sraith Nollag ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas. Inniu, 'Clannad 2'.
A Christmas series that takes a look back at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years. Today, 'Clannad 2'.

Saturday December 28th

Christmas

Oireachtas 2013 (10am)
Súil siar ar bhuaicphointí Oireachtas na Samhna 2013 i gCill Airne.
Highlights from RnaG's broadcasts from the Oireachtas festival in Killarney.

Na Cumadóirí (1:20pm)
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge. Inniu, Enda Reilly.
A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís. Today, Enda Reilly.

Súil Siar Iomána (2pm)
Déanfaidh Seán Bán Breathnach, Cathal de Mórdha, Seán Ó hAillín, Cyril Lyons, Seánie Ó Gorman, Macdara Mac Donnacha agus Micheál Ó Grádaigh plé ar an bhliain iomána, faoi chathaoirleacht Mhíchíl Mhic Dhonnchadha.
Join Seán Bán Breathnach, Cathal de Mórdha, Seán Ó hAillín, Cyril Lyons, Seánie Ó Gorman, Macdara Mac Donnacha and Micheál Ó Grádaigh, under the chairmanship of Mícheál Mac Donnchadha, for a spirited discussion of the hurling year that was.

Seoda Ceoil (11pm)
Sraith Nollag ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas. Inniu, 'I gCnoc na Graí' le Noel Hill agus Tony Mac Mahon.
A Christmas series that takes a look at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years. Today, 'I gCnoc na Graí' with Noel Hill and Tony MacMahon.

Sunday December 29th

Christmas

Na Cumadóirí (1.15pm)
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge. Inniu, Oisín Walsh Peelo ón ngrúpa Mo Hat Mo Gheansaí.
A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís. Today, Oisín Walsh Peelo from band Mo Hat Mo Gheansaí.

Éigse Sheáin Bháin Mhic Menamin 2013 (2pm)
Blaiseadh de shaibhreas litríochta cheantar Bhaile na Finne on 18ú hAois leis an Athair Pádraig Ó Baoill.
Today, we will hear a lecture by Fr Pádraig Ó Baoill about the rich literary heritage of the Baile na Finne area of Donegal.

Siansa (7pm)
Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2013 - comórtas ceoil thraidisiúnta do dhaoine óga a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mí Aibreáin.
The Siansa Gael Linn final for young traditional music groups, recorded live in the National Concert Hall in April.

Seoda Ceoil (11pm)
Sraith Nollag ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas. Inniu, 'Ainneoin na Stoirme' le Téada.
A Christmas series that takes a look at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years. Today, 'Ainneoin na Stoirme' by Téada.

Monday December 30th

Christmas

Súil siar ar 2013 (11am)
Painéal cainteoirí ag cur síos ar na scéalta móra a tharla i nDún na nGall i 2013.
A panel looks at the big news stories in Donegal in 2013.

Na Cumadóirí (1.30pm)
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge. Inniu, Tadhg Mac Dhonnagáin.
A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís. Today, Tadhg Mac Dhonnagáin.

Agallaimh Bheirte agus Lúibíní an Oireachtais 2013 (2pm)
Súil siar ar chomórtais na lúibíní agus na n-agallamh beirte ag Oireachtas na Samhna 2013.
The first of two programmes featuring some of the best sketches and other stage performances from the Oireachtas festival 2013 in Killarney.

Seoda Ceoil (11pm)
Sraith Nollag ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas. Inniu, 'Báidín Fheidhlimí - Gael Linn Singles from 1968-80', a raibh Emmet Spiceland ar dhuine de na ceoltóirí a bhí le cloisteáil air.
A Christmas series that takes a look at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years. Today, 'Báidín Fheidhlimí - Gael Linn Singles from 1968-80', which included artists such as Emmet Spiceland.

Tuesday December 31st - New Year's Eve

Christmas

CLG Dhún na nGall 1963 (11am)
Déanann an saineolaí peile an tAthair Seán Ó Gallchóir cur síos ar na himeachtaí ar fad a bhain le cúrsaí peile i nDún na nGall leathchéad bliain ó shin.
Football expert Fr Seán Ó Gallchóir will talk today about Donegal football in the year 1963.

Slán le 2013 (9pm)
Ceol, comhrá, craic, súil siar ar 2013, agus súil chun cinn ar an bhliain atá amach romhainn, le Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin.
Music, chat, a look back at 2013, and a look ahead to 2014, as we ring in the new year, with Jó Ní Chéide and Josie Ó Cualáin.

Wednesday January 1st - New Year's Day

Christmas

Máire Ní Bhraonáin (11am)
An réalt domhanda as Dobhar, Máire Ní Bhraonáin ó Chlannad, ag cur síos ar a saol do Dhónall Mac Ruairí.
Moya Brennan, or Máire Ní Bhraonáin, from Clannad describes for Dónall Mac Ruairí the rollercoaster journey of her life.

An Saol ó Dheas (12:08pm)
Ceol ó Cheolchoirm Éigse Dhiarmuidín a bhí ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh ag tús mhí na Nollag.
Highlights from the Éigse Dhiarmuidín gala concert, held in Cúil Aodha in Cork in December.

Na Cloigne Folmha (2pm)
Clár speisialta le ceiliúradh a dhéanamh ar 40 bliain ó eisíodh an ceirnín 'An Damhán Alla' leis na Cloigne Folmha.
A special programme to mark 40 years since the release of the record 'An Damhán Alla' by Connemara group Na Cloigne Folmha.

Éirinn is Alba (7pm)
Ceolchoirm a dhéanann ceiliúradh ar an dlúthcheangal idir Alba agus Scoil Samhraidh Willie Clancy a craoladh beo ó Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, sa samhradh.
A concert recorded live at the Willie Clancy Summer School in Miltown Malbay, Co. Clare, celebrating the musical links between Ireland and the Willie Clancy Summer School, and Scotland.

Thursday January 2nd

Christmas

Logainmneacha (11am)
Cur síos ar stair agus ar bhunús logainmneacha, le Donnchadha Ó Baoill, as Rann na Feirste.
Donnchadh Ó Baoill from Rann na Feirste describes for us the history and origins of placenames.

Mary Coughlan (2pm)
Athchraoladh ar agallamh eisiach a rinne Aodh Máirtín Ó Fearraigh leis an Iar Thánaiste Máire Ní Chochlainn i mí na Nollag.
A second chance to hear an exclusive interview with former Tánaiste Mary Coughlan broadcast in December.

Comórtas na mBannaí Ceoil (7pm)
Comórtas na mbannaí ceoil ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire.
The céilí band competition at Fleadh Cheoil na hÉireann in Derry.

Friday January 3rd

Christmas

Gradam Francie Mooney (11am)
Bronnadh Ghradam Francie Mooney ar Mháire Ní Bhraonáin ag Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy cúpla lá ó shin. Inniu, craolfar taifead den ócáid i nDobhar a raibh ceol agus amhránaíocht mar chuid de
Moya Brennan was presented with Gradam Francie Mooney at the Frankie Kennedy Winter School a few days ago. Today, we will broadcast a recording of the event in Dobhar which included music and song.

Cois Mara Thoir sa Rinn (1.20pm)
Caith seal i dteannta mhuintir na Rinne sa chlár speisialta seo ar shaibhreas amhránaíochta, scéalaíochta agus ceoil an cheantair.
Sorcha Ní Chéilleachair of Maoil an Choirne in An Rinn, brings listeners the best in music, song and stories from the Waterford Gaeltacht.

Maidhc Dainín, Mo Bhealach Féin (2pm)
Maidhc Dainín Ó Sé, nach maireann, ag caint ar an gclár Mo Bhealach Féin le hAogán Ó Muircheartaigh, ó chartlann Bhóthar na Léinsí.
An edition of the programme Mo Bhealach Féin from the archives, featuring an interview with Maidhc Dainín Ó Sé, author, musician and singer, who passed away in August.

RTÉ Radio Twitter


Facebook