Welcome to RTÉ Radio

Find your section here:

Sruthanna Fuaime

Mar chuid dár seirbhís idirlín, tá go leor de chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil mar chomhaid fhuaime. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat éisteacht leis an leagan is deireanaí de chlár cibé uair is mian leat trí ghliogáil ar an nasc ar leathanach lín an chláir.

Baineann éisteoirí ó chian is ó chóngar úsáid rialta as na Sruthanna Fuaime agus tá siad ar cheann de na gnéithe is mó tóir inár seirbhís idirlín trí chéile.

Chun éisteacht le clár de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta
Usáid an roghchlár thuas nó na catagóir ar thaobh an leathanaigh le teacht ar leathanach lín an chláir atá uait agus gliogáil ar an nasc ar an leathanach sin le héisteacht leis an gclár nó chun é a íoslódáil.

Go raibh maith agat faoi a bheith ag éisteacht!

Mura bhfuil tú cinnte cén chaoi éisteacht lenár seirbhís raidió ar-líne, gliogáil anseo

Tabhair faoi deara gur mar shruthanna fuaime don chuid is mó, seachas le híoslódáil, atá formhór ár gcláracha de bharr cúinsí cóipchirt agus dlí.