Cuartaíocht le hÁine

Áine Ní Churráin Image Name: Áine Ní Churráin Description: Áine Ní Churráin Copyright: RTÉ RnaG/Seán Ó Mainnín

Is an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin an aoi a bheidh faoi agallamh ag Áine Ní Churráin ar chlár an lae inniu.  Rugadh Breandán Ó Doibhlin i Rouskey i gCo. Thír Eoghain, i 1931. D’fhreastail sé ar Choláiste Naomh Columba i nDoire, ar Choláiste N.Pádraig Maigh Nuad agus Coláiste Pontaifiúil na nGael sa Róimh.  I 1958 ceapadh é mar Ollamh nua-theangacha i gColáiste Naomh Pádraig i Maigh Nuad agus mhair sé sa phost sin go dtí gur éirigh sé as i 1996.  Scríobh sé a chéad úrscéal  ‘Néal Maidine agus Tine Oíche’ i 1964.  Labhrann sé le hÁine Ní Churráin inniu faoina shaol agus a shaothar.

Monsignor Breandán Ó Doibhlin will be Áine Ní Churráin’s guest this week on the show.  Breandán was born in Rouskey, Co. Tyrone, in 1931.  He attended Coláiste Naomh Columba in Derry, St Patrick’s College Maynooth, and the Pontifical Irish College in rome.  Inn 1958, he was appointed Professor of Modern Languages in St. Patrick’s College, Maynooth, and he remained in that post until he retired in 1996.  He wrote his first novel ‘Néal Maidine agus Tine Oíche’ in 1964.  He talks to Áine Ní Churráin today about his life and work.