An Lá seo Romham

Liam Mac Aodh Image Name: Liam Mac Aodh Description: Liam Mac Aodh - Lorry Driver - An Lá Seo Romham 15 July 2014

Inniu ar An Lá Seo Romham tá Dónall Mac Ruairí ar an bhealach agus é i gcuideachta Liam Mhic Aoidh, tiománaí leoraí as Gaoth Dobhair.  Ní amháin go mbeidh gnáth-lá oibre a dhéanamh aige agus Dónall ina chuideachta, ach beidh an oíche á caitheamh acu beirt i gcábán an leoraí!  Labhrann Liam le Dónall faoi mar a thosaigh sé ar an chineál seo oibre, agus na dúshláin atá le sárú aige go laethúil.  Is fada Liam ag tarraingt an leantóir ina dhiaidh as monarcha Bhia Ghaoth Dobhair, ach tá sin dúnta anois agus imní ar Liam faoi cén áit a mbeidh ar a dhul le punt a shaothrú.  Láithriú agus léiriú le Dónall Mac Ruairí.

Today on An Lá seo Romham, Dónall Mac Ruairí is on the road, with Liam Mac Aodh, a lorry driver from Gaoth Dobhair, experiencing a day in his working life.  Not only will Liam be doing his usual day’s work with Dónall in tow, but they will both be spending the night the cab of the lorry!  Liam speaks to Dónall about how he started out in this line of work, and the challenges it involves.  Liam has been ploughing the roads for a long time in the lorry, from the Largo Food Factory in Gaoth Dobhair, but with that now closed Liam is worried about where the next Euro will come from.  Presented and produced by Dónall Mac Ruairí.