Splancscéalta

ManchanMagan Press2 Image Name: ManchanMagan Press2
Máiréad Uí Dhomhnaill Image Name: Máiréad Uí Dhomhnaill Description: Máiréad Uí Dhomhnaill Copyright: RTÉ RnaG/Seán Ó Mainnín

Inniu, craolfar an chéad chlár sa tsraith nua Splancscéalta ina mbeidh scríbhneoirí aitheanta ag léamh saothar nua splancfhicsin dá gcuid.  Tá éagsúlacht stíle, gutha agus canúna i gceist sna scéalta gonta  atá á léamh ag na scríbhneoirí féin sa tsraith seo, agus tá ceol fite fuaite tríothu.  Is í Máiréad Uí Dhomhnaill a chuirfidh an tsraith i láthair, agus 32 scríbhneoir uilig a bheidh le cloisteáil againn, orthu sin Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh, Alan Titley, Micheál Ó Conghaile, Pól Ó Muirí, Catherine Foley agus Manchán Magan.  Inniu, cloisfimid ‘An Scéal Deireanach’ le hAlan Titley, ‘Ciapadh’ le Catherine Foley, ‘Cruas agus Muas’ le Cathal Ó Searcaigh, agus ‘In Ómós do Ram Dass’ le Manchán Magan.  Fuair an tsraith seo maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Today, we will hear the first programme in the series Splancscéalta featuring new flash fiction from 32 Irish-language writers.  The stories are read by the writers themselves, bringing a variety of styles, voices and dialects to the series which is presented by Máiréad Uí Dhomhnaill.  Today, we will hear ‘An Scéal Deireanach’ by Alan Titley, ‘Ciapadh’ by Catherine Foley, ‘Cruas agus Muas’ by Cathal Ó Searcaigh, and ‘In Ómós do Ram Dass’ by Manchán Magan.  The series has been funded by the BAI.