Ag comhdháil bhliantúil Cheardchumann Dochtúirí na hÉireann i nGaillimh, cáineadh polasaí an Rialtais maidir le cúram dochtúra teaghlaigh saor in aisce.

Dúradh ag an gcomhdháil nach gcreideann an chuid is mó de dhochtúirí na tíre go gcuirfear an cúram saor in aisce sin ar fáil do gach duine faoi cheann cúig bliana mura ndéanfar an cúram cuí do chúrsaí costais.

Tá an ceardchumann ag impí ar an Rialtas infheistíocht a dhéanamh láithreach i seirbhísí sláinte na tíre.