Maraíodh fear sna seascaidí i dtionóisc bhóthair i gCo Mhaigh Eo go moch ar maidin.

Tharla an timpiste i Baile an Smálaigh, Clár Chlainne Mhuiris, ag thart ar 7 a chlog ar maidin. 

Is cosúil gur imigh an gluaisteán a bhí an fear a thiomáint den bhóthar. 

Is iad na Gardaí i gClár Chlainne Mhuiris atá ag fiosrú na tionóisce.