Tá spriocdháta nua leagtha síos le haghaidh bhunú fheidhmeannas an Tuaiscirt i Stormont arís i bhfianaise chinneadh Phríomh-Aire na Breataine Theresa May olltoghchán a ghairm. Is é 29 Meitheamh an spriocdháta nua.

Tá reachtaíocht nua ina leith seo curtha faoi bhráid na parlaiminte i Westminster ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt James Brokenshire.

Ar 8 Meitheamh a reáchtáilfear an t-olltoghchán agus fágann sin go mbeidh trí seachtaine ag na páirtithe ina dhiaidh teacht ar shocrú.