Tá sé deimhnithe ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána go bhfuil tús curtha acu le fiosrúchán faoi dhúnmharú an Gharda Tony Golden agus faoin drochghortú a bhain do Shiobhán Phillips i gCo Lú bliain go leith ó shin. 

Chaith Crevan Mackin an bheirt in Ó Méith, Co Lú, i mí Dheireadh Fómhair 2015. 

Tá muintir Shiobháin Phillips ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán poiblí faoin gcás. Fiosrúchán 'ag an leibhéal is airde' atá uathu, a dúirt siad. 

Tá iarrtha ag ceannaire Shinn Féin Gerry Adams ar an Rialtas an Dáil a aisghairm leis an scéal a phlé i bhfianaise sonraí nua a tháinig chun solais ar chlár speisialta RTÉ faoin gcás aréir. 

Tá Fianna Fáil ag iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald ceisteanna a fhreagairt faoi mharú an Gharda Golden freisin.

Tá urlabhraí an pháirtí Jim O'Callaghan ag iarraidh fáil amach cén fáth ar cúisíodh Crevan Mackin i mballraíocht san IRA ach nár cúisíodh é i gcoireanna níos tromchúisí a bhí admhaithe aige.

Tá sé ag iarraidh fáil amach chomh maith an raibh Crevan Mackin ag tabhairt eolais do na Gardaí.