Deir Oifig na nOibreacha Poiblí gur thángthas ar níos mó carraigeacha agus ábhar eile cloch ar Sceilg Mhichíl agus nach bhfuil sé sábháilte do thurasóirí a bheith ar an oileán fós.

Tagann seo sna sála ar bholláin mhóra cloch a thit anuas ó fhána géar ar Bhóthar an Tí Solais ar an oileán an tseachtain seo caite.

Ní fios fós cathain a bheidh cead arís ag turasóirí taisteal chun an oileáin. Bhí séasúr turasóireachta an tsamhraidh le tosú ansin ar 14 Bealtaine.