Dúirt an Taoiseach Enda Kenny go dtabharfadh sé scéala maidir lena cheannaireacht chomh luath agus atá sé sásta leis na bunsocruithe i dtaca le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Bhí an Taoiseach ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe a bhí aige le Príomh-Airí na hÍsiltíre agus na Danmhairge sa Háig, áit a raibh cainteanna acu maidir le himeacht na Breataine. 

Má fhaigheann Príomh-Aire na Breataine Theresa May móramh suntasach san olltoghchán neartóidh sin a seasamh sa phróiseas imeachta, a dúirt an Taoiseach.