Tá súil le thart ar 1,000 ball de Pháirtí an Lucht Oibre i mbaile Loch Garman inniu mar a gcuirfear tús le comhdháil bhliantúil an pháirtí.

Seo a gcéad chomhdháil ón olltoghchán anuraidh inar chaill an páirtí líon mór suíochán agus an chéad chomhdháil ag Brendan Howlin ina cheannaire.

Caithfidh toscairí vóta ar bhunreacht nua don pháirtí ag an deireadh seachtaine agus roghnóidh siad Jack O'Connor ón gceardchumann SIPTU mar uachtarán nua ar an bpáirtí.