Is ar an 29ú Márta a fheidhmeoidh Príomh-Aire na Breataine, Theresa May Airteagal a 50 de Chonradh Liospóin.

Ciallóidh sin go mbeidh tús foirmeálta curtha leis an Bhreatimeacht.

Scríobhfaidh an Príomh-Aire May chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk, seachtain ó arú amárach chun an próiseas a thosú.

Meastar go leanfaidh an próiseas idirbheartaíochta 2 bhliain, agus go mbeidh an tAontas Eorpach fágtha ag an mBreatain faoi Mhárta 2019.