Dúirt an Feisire Eorpach le Fine Gael, Brian Hayes, gur dóigh leis go mbeidh ceannaire nua ag Fine Gael faoi mhí Bealtaine.

"Faoin gCáisc is fearr tús a chur le feachtas ceannaireachta mar go mbeidh an Dáil ar shaoire coicíse" a dúirt sé.

Dúirt an tAire Tithíochta, Simon Coveney, nach gcreideann seisean go bhfuil seasamh an Taoisigh, Enda Kenny, maidir le héirí as ceannaireacht Fhine Gael  athraithe ar aon bhealach.

An tAire Brian Hayes

Dúirt sé freisin nár chreid sé go raibh Enda Kenny ag iarraidh moill a chur ar a imeacht agus go gcuirfeadh sé próiseas i bhfeidhm.

Bhí tuairim den chinéal céanna ag an Seanadóir agus an t-iar Aire James Reilly.

An Taoiseach le linn a chuairte ar Washington

Le linn a chuairte ar Mheiriceá do Fhéile Lá'il Pádraig, dúirt Enda Kenny go mbeadh sé ag tabhairt tús áite do fhadhbanna an Tuaiscirt agus na Breatimeachta sula ndíreodh sé ar cheist a cheannaireachta ar an bpáirtí.