Tá 350 post á gcruthú idir Chorcaigh agus Bhaile Átha Cliath.

250 post a chruthóidh 'eShopWorld' ag a cheannceathrú domhanda i Sórd i dtuaisceart Cho.Bhaile Átha Cliath.

Fágfaidh sé seo 450 fostaithe ansin ag an chomhlacht.

Ag soláthraithe línéadaigh 'King's Laundry' i gCorcaigh atá 100 post eile. 

San Oileán Beag atá 'King's Laundry' lonnaithe agus cuireann sé seirbhísí glantacháin éadaigh ar fáil freisin.

Agus tá sé fógraithe ag an gcomhlacht 'Four Star Pizza' go bhfuil 250 post á gcruthú aige as seo go ceann bliana.

Tá infheistíocht de €3m i gceist agus osclóidh sé 16 stór chaon taobh den teorainn.