Tá a chomhbhrón curtha in iúl ag an Uachtarán Michael D.Higgins faoi bhás an imreora sacair ó Dhoire, Ryan McBride.

27 bliain d'aois a bhí Ryan McBride.

Tá teachtaireachtaí comhbhróin seolta ó mhaidin freisin ag Príomhfheidhmeannach Chónaidhmm Peile na hÉireann (FAI), John Delaney.

Bhí Ryan McBride ina chaptaen ar fhoireann sacair Derry City.

Tráthnóna chuir Cumann Sacar Chláirsigh na Finne ó Cho.Dhún na nGall a gcomhbhrón agus a n-omós in iúl do theaghlach agus do chairde Ryan McBride.

I ráiteas ón gcumann inniu dúradh go bhfuil pobal sacair an iarthuaiscirt go hiomlán briste faoin scéal seo.  

Dúirt an cumann gur ceannaire agus imreoir den chéad scoth a bhí i Ryan Mc Bride, agus gur boichte pobal sacar na tíre dá oireasa.

Thángthas chorp Ryan McBride ina theach cónaithe inné.

Níl a fhios go fóill céard ba thruaig bháis dó.

Ryan McBride i ngeansaí Derry City

Tá scrúdú iarbháis le cur air tráthnóna.