Bhí cruinniú inniu ag na háisíneachtaí fóirthinte atá bainteach le cuardach an héalacaptair 116 amach ó chósta Cho.Mhaigh Eo.

Ba ag Teach Solais an Fhóid Dhuibh a bhí an cruinniú ar bun.

Teach Solais an Fhóid Dhuibh, áit a bhfuil an cruinniú ar siúl

Bhí an Taoiseach i gceantar an Fhóid Dhuibh inniu ag bualadh leis an dream atá i mbun an chomhordaithe ar an gcuardach, ina measc an Garda Cósta agus an Chosaint Shibhialta.

Mhol sé an obair atá ar bun féachaint le teacht ar an ingearán agus an triúr atá ar iarraidh.

Sin iad an Captaen Mark Duffy, Ciarán Smith agus Paul Ormsby.

An Taoiseach i gceantar an Fhóid Dhuibh

Dúirt an Taoiseach freisin go raibh ceisteanna le freagairt faoin mbealach ar tharla an tubaiste seo.

Chuir an aimsir as don obair chuardaigh inniu ach tuigtear go mbeidh an aimsir in araíocht arís amárach.