Gearradh 3 bliana príosúntachta agus 2 bhliain is trí mhí ar fionraí, ar fhear 45 bliain d'aois as Corcaigh maidir le dúnorgan a chara i 2016.

Chualathas i gCúirt Choiriúil Chuarda Chorcaí gur bhain Trevor O'Gorman, as Bóthar Phluincéid, Baile Féitheán i gcathair Chorcaí, úsáid chontúirteach as gránghunna a chara Diarmuid Byrne, agus gur maraíodh a chara dá bharr sin.

Dúradh sa chúirt go raibh an bheirt fhear, ar dlúthchairde iad, ag ól an lá áirithe sin.

Dúirt an Breitheamh Sean O'Donovan gur ghlac sé leis go raibh meargántacht i gceist ach nach bhféadfadh sé tacú le gránghunna á scaoileadh i dteach.