Ní bheidh an tAire Tithíochta Simon Coveney ag tabhairt foláirimh don Taoiseach éirí as ceannaireacht Fhine Gael agus creideann sé go ndéanfaidh Enda Kenny a chomhairle féin.

Dúirt an tAire Coveney, atá luaite go láidir mar chomharba an Taoisigh ar Fhine Gael, nach aon chabhair daoine a bheith ag tabhairt foláirimh dó ná ag cur brú air dáta a leagan síos.

Dúirt sé go gcreideann sé "nach dtabharfaidh an Taoiseach aird ar bhagairtí ná ar fholáirimh. Níl sa dream atá ag éileamh spriocamanna uaidh faoin Chéadaoin seo chugainn ach mionlach sa pháirtí," a dúirt sé i Sligeach.

Dúirt sé chomh maith go ndéanfadh vóta mímhuiníne dochar d'Fhine Gael agus go bhfuil súil aige nach dtarlóidh a leithéid.

Tá ráiteas eisithe ag an Teachta Alan Farrell as Dáilcheantar Bhaile Átha Cliath Fine Gall ag iarraidh ar an Taoiseach éirí as an cheannaireacht.

Dúirt an Teachta Farrell le RTÉ nár thacaigh sé go dtí seo le teachtaí a bhí ag éileamh go n-éireodh Enda Kenny as ach gur eisigh sé an ráiteas seo mar gheall go bhfuil imní air go bhfuil láimhseáil an Taoisigh ar imeachtaí le seachtain anuas ag déanamh dochair d'Fhine Gael. 

      

Paschal Donohoe agus Charlie Flanagan as an áireamh

Níos luaithe dúirt an tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan nach mbeidh siadsan san iomaíocht do cheannaireacht Fhine Gael.

Dúirt Paschal Donohoe gur faoin Taoiseach Enda Kenny atá sé cinneadh a dhéanamh cén uair a éireoidh sé as ceannaireacht an pháirtí.

Tá sé sásta ina phost agus is mian leis díriú air sin, a dúirt sé. Ba mhaith leis ceannaireacht a léiriú sa Rialtas ach ní mian leis a bheith ina cheannaire ar an pháirtí fá láthair.

Dúirt an tAire Donohoe go bhfuil sé tábhachtach nach ligfí do na deacrachtaí a bhí ag an Taoiseach le gairid a mhaith a bhaint as an obair fhiúntach atá déanta aige go dtí seo.

Caithfidh páirtí Fhine Gael deis a fháil iad féin a athnuachan agus réiteach don am atá le theacht, a dúirt sé.

Chuir an tAire Charlie Flanagan é féin as an áireamh chomh maith, ag rá gur mian leis a aird a dhíriú ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Idir an dá linn shéan an tAire Airgeadais Michael Noonan, go mbeadh aon tionchar ag athrú ceannaireachta i bhFine Gael ar na cainteanna a bhaineann leis an Bhreatimeacht.

Dúirt an tAire Noonan ag an Phlé Saoránach Uile Oileánda i gCaisleán Bhaile Átha Cliath nach bhfuil "aon fholúntas" ann faoi láthair, ach gur cuid den ghnáth phróiseas polaitiúil atá ann, agus nach gcuirfeadh ceannairí an Aontais "aon sonrú" ann.