Íocaíochtaí breise san earnáil sláinte ag sárú pholasaí an Rialtais

Dé Máirt 19 Samhain 2013 19.02
Conspóid faoi íocaíochtaí breise

Tá conspóid mhór tarraingthe ag na híocaíochtaí breise a fhaigheann feidhmeannaigh shinsearacha san earnáil sláinte. Tá olc ar ghnáthoibre sláinte ó tháinig sé chun solais go bhfuil roinnt íocaíochtaí breise ag sárú rialacha an Rialtais. 

Ag labhairt dó sa Dáil ar an gconspóid, dúirt an Taoiseach nach nglacfadh an Rialtas le híocaíochtaí breise d'fheidhmeannaigh san earnáil sláinte, 

Ba cheart gur ar an tslí chéanna a chuirfí na rialacha i bhfeidhm, a dúirt Enda Kenny, maidir le bainisteoirí sinsearacha agus na gnáthoibrithe sa tseirbhís sláinte. Tá dualgas ar ospidéil na tíre, a dúirt sé, freagra a thabhairt inniu ar iarratas ón Aire Sláinte faoi phá na mbainisteoirí sinsearacha.