120 ráiteas agus 130 ceistiúchán bailithe i bhfiosrúchán na nGardaí faoi bhás Elaine O'Hara, a dtángthas ar a corp dé hAoine seo c

Déardaoin 19 Meán Fómhair 2013 11.27
Suas le dhá chéad go leith cáipéis ag Gardaí i dtaca le bás mná.

Ní fhacthas Elaine O'Hara ina beatha ón uair a d'fhág sí a teach cónaithe sa gCéim i gcontae Bhaile Átha Cliath ar an dara lá fichead de Lúnasa anuraidh.

Teastaíonn óna gardaí anois teagmháil a dhéanamh le chuile dhuine a labhair léi idir sin agus an 24ú lá de Lúnasa, bíodh sin go pearsanta, ar ghuthán nó tríd an idirlín.

 Tá sé tagtha chun solais freisin go mba le Elaine O'Hara ábhar a fuarthas i dtaiscumar sa Tóchar i gcontae CHill Mhantáin, cárta dílseachta de chuid Dunnes Stores ina measc. 

Dúirt ceannfort de chuid na ngardaí go raibh muintir Elaine O'Hara an-suaite faoi láthair i dtaca leis an suim a bhí ag na meáin chumarsáide sa scéal seo.