Dhá mholadh láidir ón gCoimisinéir Teanga faoi na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Déardaoin 19 Meán Fómhair 2013 10.51
Moltaí an Choimisinéara Teanga faoi leasuithe Acht na dTeangacha

Deir an Coimisinéir Teanga gur am cinniúnach atá sa tréimhse amach romhainn do na socruithe a dhéanfar san Acht faoi fhreastal an státchórais ar phobal na Gaeilge.
Deir Seán Ó Curraoin gur cheart go mbeadh, gan cheist gan choinníoll, Gaeilge ag daoine sa státchóras atá ag freastal ar phobail na Gaeltachta.
Thug an Coimisinéir Teanga a thuairimí uaidh ag seoladh Choláiste na hÉireann aréir, cuideachta atá bunaithe ag Gaelchultúr
Freisin, tá taighde déanta ag oifig an Choimisinéara Teanga ar an gcaoi ar chaith an státchóras le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag tréimhse éagsúla thar na blianta.
Mar thus, ba maith leis le Seán Ó Curraoin go gcuirfí isteach san Acht gur cheart don státchóras seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil in aon oifig nó ionad atá sa nGaeltacht nó atá ag freastal ar an nGaeltacht.
An dara rud ba mhaith leis a fheiceáil a chur san Acht, go dtabharfaí tús áite d’iarrthóirí le Gaeilge nuair atá earcaíocht ar bun do phostanna sa státchóras. Tá an lion státseirbhíseach le Gaeilge i bhfad ró-íseal, a deir sé.
Creideann sé go ndéanfadh an dá rud sin an-difríocht.
Leis seo a bhaint amach, níor mhór athchothromú a dhéanamh ar an bhfostaíocht sa státchóras agus tús áite a thabhairt do dhaoine le Gaeilge ar feadh tréimhse áirithe.
Deir sé nach bhfuil ach beagán le cois 1% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais, mar shampla, in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cé go bhféadfadh athoiliúint cabhrú leis seo, creideann an Coimisinéir Teanga gur san earcaíocht a dhéanfar an t-athchothromú.
Léiríonn taighde ag dul siar go dtí na fichidí an t-easpa tola a bhí sa statchóras thar na blianta.
Sampla follasach de seo, a deir sé, an sprioc 3 bliana a tugadh do státseirbhísigh i 1928 an Ghaeilge a fhoghlaim nó go mbrisfí as an bpost iad. Cuireadh an sprioc reachtúil seo siar 54 uair, rud a chiallaigh, a deir an Seán Ó Curraoin, nár ghá d’aon duine sa státchóras bheith i ndáiríre faoin teanga a shealbhú ná a úsáid.
Má thapaítear an deis le bunspriocanna do sheirbísí trí Ghaeilge sa státchóras a chur i bhfeidhm, beidh sé ina chabhair mhór don phlean 20 bliain don teanga, a deir sé.