Garda cúisithe i mbreis agus 650 íomhá de mhí-úsáid gnéis ar pháistí bheith ina sheilbh aige i 2011.

Dé Máirt 03 Meán Fómhair 2013 16.37
Garda cúisithe maidir le híomhánna de mhí-úsáid ar pháistí

Tugadh Garda os comhair cúirte inniu agus é cúisithe i mbreis agus 650 íomhá de mhí-úsáid gnéis ar pháistí bheith ina sheilbh aige.

Tá an fear ina chomhalta reathas den Gharda Síochána, tá sé sna caogadaí ach ní féidir é a ainmniú de thoradh ordú cúírte.

Tá sé ar fionraí óna dhualgais i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

Tá sé curtha ina leith go raibh 650 íomhá de mhí-úsáid-gnéis ar pháistí ina sheilbh aige, ag seoladh i mBaile Atha Cliath idir an 30 Iúíl 2011 agus an 2 Lúnasa 2011.

Cuireadh in iúl don chúirt go bhféadfaí déileáil leis an gcás go hachomair sa gcúirt dúiche dá bpléadálfadh an Garda ciontach. Níl na píonóis is féidir a ghearradh ar dhuine sa gcúirt dúíche chomh trom le cúirteanna níos airde.

D’iarr Darragh Robinson, dlíodóir an Gharda, go ndéanfaí athnuachan ar na srianta a cuireadh cheana ar thuairisciú an cháis, agus d’iarr sé saorchúnamh dlí freisin

Dúirt sé go raibh morgáiste mór ag an nGarda, agus go raibh sé ag streachailt anois de bharr athrú ar a chúinsí féin.

Cheadaigh an Breitheamh David McHugh saorchúnamh dlí don Gharda, agus cuireadh ar bannaí leanúnacha é go dtí suí cúirte mí Dheireadh Fomhair.