Tá rún pairliminte a mhol idirghabháil mhíleata sa tSiria caillte ag rialtas na Bretaine.

Dé hAoine 30 Lúnasa 2013 15.28
Vóta ar ghníomhú míleata sa tSiria caillte ag Cameron

Tá rún pairliminte a mhol idirghabháíl mhíleata sa tSiria caillte ag Rialtas Breataine.

Caitheadh 272 vóta ar son an rúin ach 285 ina aghaidh, buille mór don phríomhaire David Cameron. Dúirt seisean go léiríonn an vóta nach mian don phairlimint ‘gníomh míleata ón mBreatain a fheiceáíl’ sa tSiria.

Dúirt sé freisin gur mhaith leis freagra láidir a thabhairt ar úsáid na n-armán ceimiceacha, ach go nglacann sé go hómósach le toil Theach na bhFeisirí.

Shoiléirigh an Rúnaí Cosanta níos deireanaí nach mbeadh an Bhreatain páirteach i ngníomh ar bith míleata sa tSiria, ná i bpleanáil ghnímh dá léitheid, rud a cheap sé a chuirfeadh díomá ar a gcomhghuaillithe, na Stáit Aontaithe.

Chaith Teach na bhFeisirí an lá ar fad ag plé an ruin agus in ainneoin gur ghlac an rialtas le leasuithe a rinne an rún níos laige, ní raibh an lá leo sa deireadh.

Mheas Feisirí nach bhfuil toil an phobail le gníomh míleata sa tSiria agus go bhfuil tuirse ar an bpobal leis an gcogaíocht de bharr ról na Breataine san Iaráic le deich mbliana anuas.

Chruinnigh na cúig chomhalta buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrach, ach níor tuairiscíodh aon dul chun cinn bheith déanta.

Idir an dá linn, deir na Stáit Aontaithe gur gníomh teoranta a bheadh mar fhreagra ag Meiriceá ar úsáid na n-armán ceimiceacha, agus gur ar bhonn cirt a shásódh na Stát Aontaithe féin, a bheadh an gníomh sin.

Sa tSiria féin, bhain foireann saineolaithe armáin cheimiceacha na Náisiún Aontaithe limistéar reibiliúnach taobh amuigh de Dhamascus inniu.

Seo hé an tríú lá dá chuid fiosruithe ar ionsaí ina liamhnaítear a mharaigh gás nimhneamh na céadta duine sa gceantar an tseachtain seo caite.

Deir Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe Ban Ki-moon go mbeidh lá eile ag an bhfoireann fiosrúcháin, agus go bhfaighidh seisean tuairisc uathu.

Gheall an tUachtarán Bashar al-Assad go ndéanfadh an tSiria gach cosaint uirthi féin ó ionsaí seachtrach, agus go neartódh aon ionsaí toil mhuintir na tire in aít é a lagú.