Tástálacha fola déanta ag foireann na Náisiún Aontaithe ar dhaoine a gortaíodh in ionsaí ceimiceach

Dé Luain 26 Lúnasa 2013 15.42
Tástálacha fola déanta sa tSiria

Tá tástálacha fola déanta ag foireann na Náisiún Aontaithe ar chuid de na daoine a gortaíodh san ionsaí ceimiceach a rinneadh i mbruachbhaile Damascus cúig lá ó shin. Áirítear gur maraíodh 355 duine agus gur bhain droch-ghortuithe do na mílte de bharr an ionsaithe. Ní léir fós cén uair a bheidh toradh na dtásálacha ar fáil. Níos luaithe inniu, scaoileadh urchair le feithiclí lucht na Náisiún Aonaithe agus iad ar a mbealach chuig an láthair. Ní fios cé a bhí freagrach as an ionsaí sin.