Cé gur fearadh failte roimh an Seanadóir Hildegarde Naughton inniu, dúirt roinnt seanadóirí go raibh iontas orthu gurbh í a bhí roghnaithe ag an Taoiseach mar chomharba ar Mhartin McAleese, a d'éirigh as a shuíochán tar éis fhoilsiú a thuarascála ar na hionaid níochána Maigdiléine.

D'fháiltigh an Seanadóir Fidelema Healy-Eames roimh an gceapúchán, ach deir sí gur chuir an ceapúchán iontas uirithi faoi gur teachtaireacht láidir ón Taoiseach é nach bhfuil áít ann do vóta de réir coinsiasa ar rud chomh tromchúiseach leis an nginmhilleadh.

Cuireadh an seanadóir Healy Eames amach as páírtí pairliminte Fhine Gael nuair a vótáíl sí in aghaidh an Bhille um Chosaint na Beatha i rith Toirchis. Bhí an bheirt sheanadóirí ina n-iarrthóirí san olltoghchán i 2011.

Dúirt an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ó Fhianna Fail go mba ghilc an mhaise don Taoiseach, Naughton a cheapadh chuig foras a bhí sé a iarraidh a chur de dhroim seoil.

Bhí súil ag an seanadóir neamhspleách Seán Barrett, a dúirt sé, go mbeadh HIldegarde Naughton na blianta fada sa Seanad.

Idir an dá linn, dhiúltaigh Young FIne Gael tacú le plean an pháirtí an Seanad a dhíothú. Níor vótáil móramh d'fheidhmeannacht náisiúnta chraobh óige an pháirtí ar son rún a d'fhéach le deireadh a chur leis an Seanad.


Vóta rúnda a bhí ann, agus anois tá Young Fine Gael le seasamh neodrach a ghlacadh ar an reifreann ar thodhchaí an tSeanaid.

Beidh cead a gcinn ar baill Young Fine Gael tacú lena rogha taobh den bhfeachtas.