Fiosrú neamhspleách faoi sceitheadh théipanna Anglo a d'fhoilsigh an Irish Independent an tseachtain seo caite.

Déardaoin 04 Iúil 2013 10.24
Fiosrú neamphspléách ar sceitheadh téipeanna Anglo

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Airgeadais, Michael Noonan gur tugadh taifid de chomhráití a bhí ag 18 oibrí sa mBanc Angla Éireannach d'fhoireann na nGardaí a bhíonn ag déanamh fiosruithe faoi choiriúlacht, 3 bliana ó shin.

I bhfreagra scríofa ar cheist a chuir Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin, dúirt an tAire Noonan freisin go bhfuil páirtí neamhspleách á cheapadh le fiosrúchán a dheánamh faoin gcaoi ar sceitheadh téipeanna agus ar foilsíodh sleachta astu san Irish Independent an tseachtain seo caite.

Timpeall an ama céanna, tugadh lear mór faisnéise do Choimisiún Baincéireachta Nyberg dá fhiosrúchán, ach níl Michael Noonan ag deimhniú go bhfuair nó nach bhfuair Nyberg téipeanna Anglo.

Anois tá Piaras Ó Dochartaigh ag fiafraí an raibh eolas iomlán faoi Anglo tugtha do choimisiún Nyberg.

Dheimhnigh Michael Noonan gur scríobh Comh-Leachtaitheoirí Speisialta an IRBC chuig na páirtithe ar fad atá a fhios acu a raibh teacht acu ar na téipeanna. Cuirfidh  na comhleachtaitheoirí, a ceapadh le IRBC a scor, in iúl do na páirtihe sin go bhfuiltear dáiríre faoin sceitheadh agus go gceapfar duine neamhpsleách féachaint arbh as an IRBC nó KPMG a sceitheadh na taifid.

Deir an tAire Noonan nach eol dó an raibh Alan Dukes, an t-Iarstiúrthóir Leasa Poiblí in Anglo ar an eolas faoi na téipeanna.