Ombudsman na hÉireann, Emily O'Reilly tofa ina hOmbudsman Eorpach i bPairlimnt na hEorpa ar maidin

Dé hAoine 05 Iúil 2013 10.48
Emily O'Reilly ina hOmbudman Eorpach

Thogh Pairlimint na hEorpa i Strasbourg an tOmbudsman agus Coimisinéir Fáisnéise Emily O'Reilly, ina hOmbudsman Eorpach ar maidin. Seo í an chéad uair a ceapadh bean sa bpost seo a fhiosraíonn gearáin ó shaoránaigh Eorpacha faoi institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Bhí seisear san iomaíocht don toghchán, triúr díobh sin ina bhFeisirí Eorpacha, ach tar éis an tríú babhta vótála, bhí an lá ag iarrthóir na hÉireann.

Leanfaidh sí ina post in Éirinn go dtí 1 Deireadh Fómhair na bliana seo, tráth a thosóidh sí i mbun a cúraimí nua Eorpacha go foirmeálta.

Thréaslaigh an tUachtarán Higgins a ceapúchán le hEmily O'Reilly mar a rinne an Taoiseach, an Tánaiste agus go leor grúpaí ionadaíochta in Éirinn a deir gur ghníomhaigh sí go maith ar a son ina ról mar Ombudsman.

Thug Feisirí as Éirinn ar an dá thaobh den teorainn tacaíocht don Ombudsman.

Deir Emily O'Reilly gur cúnamh di an dearcadh i measc roinnt mhaith feisirí go bhfuil Éire ag dul i ngleis leis an ngcéarchéím eacnamaíochta, agus gur éirigh go maith le hUachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.

Tá oifig an Ombusman san Eoraip níos lú ná ceann na hÉireann, ach deir sí go bhfuil an obair a dhéanann an oifig ag éirí níos casta agus níos téagartha, de réir mar atá an oifig féin ag éírí feiceálaí. Tá súíl aici cur le tábhachta agus feiceálacht na hoifige, a deir sí.