Deir SF go bhféadfadh an líon oibrithe a scaoilfear ó Bhanc Uladh bheith níos lú dá labhródh an Banc le ceardchumainn roimhré

Dé Céadaoin 03 Iúil 2013 14.16
Banc Uladh cáinte ag Sinn Féin

Deir Piaras Ó Dochartaigh, urlabhraí airgeadais Shinn Féin ar Adhmhaidin inniu go bfhuil an-díomá air leis an gcaoi ar fhógair Banc Uladh suas le 1800 oibrí bheith le scaoileadh chun siúí ó bhrainsí ar fud na tíre.

Deir sé go dtuigeann Sinn Féin go maith go bhfuil deacrachtaí gnó sna bainc agus go bhfuil, seans, an iomarca daoine ag obair iontu.

Ach níor cheart gur ó fhógra gan coinne den chineál seo ag an bpríomhfheidhmeannach Jim Brownea chloisfeadh oibrithe agus a gcuid  ionadaithe faoi.

Dá labhróidh an banc leis an IBOA roimhré, tá an seans ann nach mbeadh an líon postanna atá le scor chomh hard sin, go mbeadh caint déanta ar struchtúir le daoine a ligean ar ais i mbun staidéir nó i mbun obair eile sa mbanc. Ach níor tharla sin.

Tá imní freisin, a deir Piaras Ó Dochartaigh go gcuirfidh dúnadh brainsí isteach níos mó ar phobail bheaga tuaithe níos mó ná mar  chuirfear isteach ar bhaile móra. Tá seo feicthe cheana i gcás Bhanc na hÉireann agus Bhainc Aontais Éireann, a deir sé.

Maidir le vótáil na Dála aréir ar an mBille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis, deir Piaras Ó Dochartaigh nach bhfuil aon phlé déanta ag an bpáirtí fós ar chas Pheadar Tóibín. Vótáil  an tUas. Tóibín in aghaidh an bhille cé go raibh cinneadh déanta ag an bpáirtí vótáil ar a shon.