Racán ag teach cúirte Dhoire tar éis bannaí bheith diúltaithe do bheirt a cúisíodh faoi bhuamaí moirtéir

Dé Céadaoin 13 Márta 2013 13.04
DOIRE: Beirt cúisithe faoi bhuamaí moirtéir

Bhí racán taobh amuigh de theach cúirte Dhoire ar maidin nuair a diúltaíodh bannaí do bheirt fhear atá cúisithe maidir le ceithre bhuama móirtéir a dtángthas orthu sa chathair ar an deireadh seachtaine. Dúirt an breitheamh gur baol don tsochaí a bhí sa bheirt fhear, Gary McDaid agus Séamus McLaughlin, agus cuireadh siar faoi choinneáil iad.

Bhí suas le leathchéad lucht tacaíochta ag teach cúirte dhoire nuair a tugadh beirt fhear áitiúil isteach ar maidin. Bhí racán idir an slua agus na póiliní agus Gary McDaid 37 as Páirc Ghleann Eoin i nDoire agus Séamus McLaughlin 35 as Gairdíní Bhealach an Oirthir sa chathair ag teacht os comhair an Bhreithimh.

Cúisíodh an bheirt i gcomhcheilg pléascán a dhéanamh agus as ceithre bhuama móirtéir agus buama píopa a bheith ina seilbh acu leis an aidhm beatha a chuir i mbaol.

D'éirigh leis na póiliní van a thascair ar bhóthair leitir ceanainn i ndoire oíche dhomhnaigh ina raibh na buamaí a bhí réidh le scaoileadh fríd an díon. Creideann na póiliní gur ionsaí a bhí beartaithe ag easaontóirí poblachtacha ar cheanncheathrú na bpóilní sa chathair a bhí ann.

Bhí cúrsaí teasaí toabh amuigh aríst nuair a cuireadh siar faoi choinneáil an bheirt fhear i ndiiadh don Bhreitheamh bannaí a dhiúltadh daofa ag rá gur baol don sochaí a bhí iontu.