Corp athar agus a iníne faighte go luath ar maidin i mBéal an Dá Chab i gcontae Chorcaí

Dé Céadaoin 13 Márta 2013 12.54
BÁS: athair agus iníon i mBéal an Dá Chab

Fuarthas corp fir agus corp a iníne, girseach trí bliana d'aois, ar an trá i mBéal an Dá Chab, Contae Chorcaí. B'iad sin Martin McCarthy, leathchéad bliain d'aois, agus a iníon, Clarissa. Bhí na seirbhísí éigeandála á gcuardach ó fuarthas scéala deireanach aréir go raibh siad ar iarraidh.