Tuairiscítear gur amárach a labhróidh an Teachta Dála neamhspleách as Ros Comáin, Luke Ming Flanagan faoi thuairiscí i nuachtáin gur glanadh pointí pionóis a gearradh air i 2011. Rug na Gardaí air ag caint ar an bhfón / nuair a bhí sé ag tiomáint. Dúirt sé, is cosúil, gur cúrsaí Dála a bhí sé a phlé ar an bhfón ag an am agus dá bhrí sin nach bhféadfaí aon phionós a ghearradh air.