Faílte ón Taoiseach agus ón Tánaiste roimh shíneadh ama le tréimhse iasachtaí an stáit ó chiste tarrthála an AE

Dé Céadaoin 13 Márta 2013 11.20
FIACHA:Síneadh Ama d'Iasachtaí Stáit

Deir an Taoiseach agus an Tánaiste go bhfuil siad an-sásta le socrú i bprionsabal Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil aréir, síneadh ama a chur le tréimhse aisíoc iasachtaí d'Éirinn ón gCiste Tarrthála Eorpaigh

€85 billiún  atá sa chlár tarrthála iomlán, ach baineann an socrú a rinneadh  aréir le  tuairim is a leath de sin, €40.5 billiún. Tá an tír seo le sciar amháin de sin, €22.5 billiún a íoc thar n-ais i seacht mbliana is fiche agus an sciar eile €18 billiún, a íoc thar n-ais in imeacht ocht mbliana is fiche.