Bhí baint shuntasach ag an Stát le ionaid Mhaigdiléana a riaradh sin de réir tuarascáil a foilsíodh trathnóna. Léiríonn an tuarascáil go raibh baint ag an stát leis an gceathrú cuid de na mná a chur go dtína hionaid. Deirtear go ngabh 11,500 bean tríd na hionaid - 10 gcinn ar fad, idir 1922 agus1996. Coiste Idir-Rannach fé stiúir an tSeanadóra McAleese a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile.
Dúirt an Taoiseach trathnóna gur cheart go mbeadh diospóireacht fé cheisteanna a ardaíodh sa tuarascáil sa Dáil, fé cheann coicíse.














