Alex White: Beidh sé i bhfad níos deacra theacht ar chomhaontú úr ar phá sa tseirbhís phoiblí gan margadh ar nótaí gealltanais

Dé Céadaoin 13 Márta 2013 11.26
NÓTAÍ GEALLTANAIS: cabhróidh socrú le comhaontú pá

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Alex White, go mbeidh sé i bhfad níos deacra theacht ar chomhaontú úr ar phá sa tseirbhís phoiblí muna n-éiríonn leis an Rialtas margadh a dhéanamh ar nótaí gealltanais na tíre. Deir Seanadóir amháin de chuid an Lucht Oibre go gceapann sé go gcaithfí olltogchán a ghairm mas rud é go gcaithfear na nótaí gealltanais a íoc.

Tuairiscítear gur dhúirt an Tánaiste le ceannairí Eorpacha ag cruinniu mullaigh i Meiriceá Theas an deireadh seachtaine seo caite, go dtiocfadh leis an rialtas titim as a chéile muna bhfaigheann sé margadh ar nótaí gealltanais Bhanc Anglo Irish. Tá €3.1bn le h-íoc le Banc Ceannais na hEorpa ag deireadh mí an Mhárta.

Ag labhairt do ar an chlár 'The Week In Politics' ar RTÉ inniu, dúirt Aire Stáit Pháirtí an Lucht Oibre Alex White go mbeadh sé i bhfad níos deacra a chur ina luí ar dhaoine glacadh le tuilleadh ciorruithe pá gan margadh a bheith faighte ar na nótaí gealltanais. Ní féidir déanamh dá uireasa, má tá téarnamh geilleagrach le tárlú sa tír seo, a dúirt sé.

Sheol Seanadóir Pháirtí an Lucht Oibre, John Gilroy tvuit inniu inar dhúirt sé go gceapann sé gur chóir go mbeadh olltogchán ann mas rud é go gcaithfear na nótaí gealltanais a íoc. Ní labharfaidh sé faoi thairngreachtaí apacailipteacha, a dúirt Alex White mar fhreagra. Tá an Rialtas dochasach, a dúirt sé go dtiocfar ar thoradh dearfach 'sna h-idirbheartaíochtaí le Banc Ceannais na hEorpa.