Tá an Cumann Tailídimíde ag iarraidh ar an Aire Sláinte cloí le gealltanas sa Chlár Rialtais níos mó cúitimh a íoc

Dé Céadaoin 13 Márta 2013 11.27
TAILIDIMÍDE: cúiteamh luaite sa gClár Rialtais á lorg

Tugadh Tailídimíd mar dhruga ar oideas ins na 1950aí agus 1960aí le cóir leighis ar thinneas maidne. Ach is é an toradh a bhí air seo nó gur rugadh leanaí le míchumais fhisiciúla.

Fógraíodh le gairid go bhfuil marthanóirí sa Ríocht Aontaithe agus san Ástráil le cúiteamh breise a fháil, agus inné bhí an Ghearmáin ar an tír is deireannaí le cúiteamh breise a fhógairt.

Tá 32 duine a rugadh le míchumais fhisiciúla de bharr an druga fós beo sa tír seo, agus chruinnigh roinnt acu i mBaile Átha Cliath inniu le brú a chur ar an Rialtas cúiteamh ceart a thabhairt dofa.

Deir Cumann Tailídimíde siad go bhfuil éiginnteacht ann faoina h-íocaíochtaí míosúla a dhéanann an Fondúireacht Contergan sa Ghearmáin leo, toisc nár rialaigh an Ard-Chúirt air. Lena chois sin sheol an Fhondúireacht litir ag roinnt ball ag bagairt go mbainfear an íocaíocht díobh, má théann siad ar aghaigh le cás cúirte sa tír seo ag lorg cúiteamh.

Dúirt an tAire Sláinte roimhe seo go léiríonn comhairle dlí nach bhfuil dlíteanas dlíthiúil ar an Stát do na gortuithe a d'fhulaing daoine a tháinig slán ón druga.