Tá na híomhánna a bheas ar phaicéid toitíní ó inniu ar aghaidh in ainm stangadh a bhaint as daoine agus tabhairt ar lucht caite tobac athmhachnadh a dhéanamh ar an nós.
Tá siad dírithe go háirithe ar thabhairt ar dhaoine óga gan an chéad toitín a chaitheamh.
Sí an cheist cén fhad dar leis na saineolaithe margaíochta, a mhairfeas an stangadh agus cén tionchar a bheas ag straitéis mar seo ar an mhargadh do thoitíní.
Chuir Cumann Croí na hEireann fáilte roimha an fheachtas úr ach d'iarr siad ar an rialtas aithris a dhéanamh ar An Astráil agus paicéid gan dathanna , gan dearadh a thabhairt isteach.
D'fháiltigh Cumann Ailse na hEireann roimh na híomhánna grafaiceacha fosta.
Dúirt an Cumann ar son lucht caite tobac, Forest Ireland , nach fiú na pictiúráí úra mar go bhfuil siad ionsaitheach agus ag iarraidh ar dhaoine gan baint de tháirge atá dleathach.















