Leanadh leis an díospóireacht ar an Bhille Leasa Shóisialaigh sa Dáil inniu. Cháin an Freasúra an laghad ama, dar leo, atá ar fáil leis an Bhille a phlé.

Ag an Bhinse Coireanna Cogaidh sa Háig ciontaíodh an t-iar-Ghinearál Seirbiach Bosniach Zdravko Tolimir i gcinedhíothú agus gearradh priosún saoil air. Dúirt breithiúna na Náisiún Aontaithe gur chuidigh Tolimir leis an cheannasaí míleata Ratko Mladich mórshléacht Srebrenica a eagrú i 1995.