CEANNLÍNTE NUACHTA

Déardaoin 13 Nollaig 2012 15.58
CEANNLÍNTE NUACHTA

Tá fear naoi mbliana is fiche d'aois cúisithe i ndúnorgain fir a maraíodh nuair a thit sé faoi bhus i lár chathair Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Cúisíodh Edward Connors i ndúnorgain Eoghain Dudley i gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu. Cuireadh siar fé choinneáil é.

Ritheadh rún i dTionól Thuaisceart Éireann ar maidin ag cáineadh an fhoréigin a thit amach ar fud an Tuaiscirt le seachtain anuas. Dúirt roinnt ionadaithe Aontachtacha áfach go bhfuil rún acu ceist Bhratach na Breataine a phlé arís sa Tionól amach anseo.