Ceannlínte Nuachta

Déardaoin 13 Nollaig 2012 15.58
Ceannlínte Nuachta
Ceannlínte Nuachta

Tá foláireamh tugtha ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jose Manuel Barroso, faoin dóigh a rachaidh easpa seasmhachta i gcúrsaí polaitíochta san Iodáil i bhfeidhm ar an tír. D'fhógair Príomh-aire na hIodáile, Mario Monti, go raibh sé chun éirí as a phost i ndiaidh do pháirtí an iarPhríomh-Aire, Silvio Berlusconi, a dtacaíocht don rialtas a tharraingt siar.

Tá an forógra a rinne Uachtarán na hÉigipte, Mohammed Mursi, inar bhronn sé cumhachtaí nua air féin, curtha ar neamhní aige. Bhí léirsithe foréigneacha ar siúl san Éigipt le trí seachtainí anuas i gcoinne an fhorógra.

Cúisíodh fear sna fichidí maidir le bás fir i mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin. Tuigtear go raibh an fear a bhásaigh páirteach in achrann díreach sular leag bus é ag crosbhóthar Shráid Dhásain agus Shráid Nassau.