CEANNLÍNTE NUACHTA

Déardaoin 13 Nollaig 2012 15.59
CEANNLÍNTE NUACHTA

Sa tSeapáin deir poilíní go bhfuil cúigear ar a laghad anois maraithe de dheasca tolláin a thit chun talún ar cheann dos na príomh mhotorbhealaí i lár na tíre sin.

Tá Cúirt Bhunreachtúil na hÉigipte tar éis a cuid oibre a chur ar ceal i ndiaidh agóide a dhein lucht tacaíochta an Uachtáráin Mohamed Mursi taobh amuigh do cheannceathrú na cúirte sin i gCairo inniu.

Tá an tríú duine gafa ag na Gardaí i mBleá Cliath mar chuid dá bhfiosrúchán fé heachtra sáite inar maraíodh fear sna fichidí inné. Cailleadh an fear ón nGearmáin in Ospidéal San Séamus i ndiaidh na heachtra a tharla i mbloc árasáin Herberton i Rialto.