CEANNLÍNTE NUACHTA

Déardaoin 13 Nollaig 2012 16.59
CEANNLÍNTE NUACHTA

D'fhoilsigh an Roinn Airgeadais a meastucháin réamh bhuiséid inniu faoin bhfáltas agus faoin gcaiteachas don bhliain seo chugainn. Léiríonn na meastacháin go mbeidh teacht isteach cánach d'os cionn dhá milliún euro níos lú ná mar a ceapadh i mbliana, mar gheall ar fháltas níos ísle ó fhéin fhostóirí.

Maraíodh fear i dtimpiste bóthair i gCo Luimnigh thar oíche. Tharla an timpiste ag an gCoill Mhór ar an mbóthar idir Cromadh agus Greanach go gairid roimh a 4 a chlog ar maidin. 29 a bhí an té a maraíodh agus ní raibh aon duine eile sa ghluaisteán leis ag an am.