CEANNLÍNTE NUACHTA

Déardaoin 13 Nollaig 2012 16.59
CEANNLÍNTE NUACHTA

Deir Ard-Easpag Bhleá Cliath, an Dochtúir Diarmuid Martin gur mar gheall ar chúram eitice dhochtúirí na tíre go bhfuil ráta íseal báis máithreacha in Éirinn agus gur údar mórtais é sin.

I gCúirt Chuarda Shligigh fritheadh bean rialta neamhchiontach as ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar sheachtar cailín.

Tá fáilte curtha ag an Tánaiste agus an Aire Graithí Eachtracha Eamon Gilmore roimh rún na Náisiún Aontaithe stádas níos airde a thabhairt don Phalaistín.