Ceannlínte Nuachta

Déardaoin 13 Nollaig 2012 16.59
300 duine i mbun agóide i gCaisleán an Bharraigh
300 duine i mbun agóide i gCaisleán an Bharraigh

Is trí reachtaíocht is fearr a ba cheart ceist an ghinmhillte a láimhseáil, a mholann tuairisc atá curtha le chéile ag grúpa saineolaithe don rialtas. Deirtear gur chóir go ndéanfadh beirt dochtúirí cinneadh ginmhilleadh a cheadú sa chás go bhfuil baol ann do bheatha na máthar agus go gceadófaí athbhreithniú neamhspléach sa chás agus nach bhfuil an mháthair sásta le cinneadh na ndochtúirí sin.

San Éigipt thit luach scaireanna 10% agus tá an chíor thuathail ó d'fhógair an tUachtarán Mohammed Mursi cumhachtaí nua dó fhéin ag treisiú. Bhí sé ina achrann arís maidin inniu idir léirsitheoirí agus na póilíní in aice le Cearnóg Tahrir i gCaireo.