Ceannlínte Nuachta

Déardaoin 13 Nollaig 2012 17.00
10,000 páirteach i máirseáil i gcathair Bhaile Átha Cliath
10,000 páirteach i máirseáil i gcathair Bhaile Átha Cliath

Dúirt Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gur chóir don Aire Sláinte James Reilly éirí as a phost, i bhfianaise eolais atá tagtha chun solais faoin dóigh a roghnaíodh láithreacha do na hionaid chúraim phríomhúil. Tuairiscíonn an Irish Times inniu gur cuireadh dhá láthair i ndáilcheantar an Aire Sláinte ar an liosta an oíche sular fhógair an rialtas an liosta iomlán.

Tá sagart paróiste Chathair Saidhbhín, an Canónach William Crean, ceaptha ina Easpag ar Chluain ag an Phápa Benedict. Bhain conspóid le Deoise Chluana le blianta anuas mar gheall ar líomhaintí a rinneadh faoi mhí-úsáid gnéis ar pháistí. Ag labhairt dó ag Ardeaglais Naomh Colmán sa Chobh maidin inniu, dúirt an Canónach Crean gur thuig sé na dushláin a bhí amach roimhe.