CEANNLÍNTE NUACHTA

Déardaoin 13 Nollaig 2012 18.17
CEANNLÍNTE NUACHTA

Tá easaontas idir an tAontas Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le cé chomh tapaidh agus a chaithfear fiacha na Gréige a laghdú. Aréir a tháinig an t-easaontas so chun solais i ndiaidh an chruinnithe a bhí ag Airí Airgeadais i limistéar an Euro sa Bhruiséil.

Tá cinneadh déanta ag bainc na Spáinne gan uinéirí tí atá go mór i dtrioblóid airgid a chur amach as a gcuid tithe as so go ceann dhá bhliain. Tá an cinneadh déanta i bhfianaise an scéil gur chuir beirt lámh ina mbás fhéin nuair a bagraíodh orthu go gcuirfí amach as a dtithe iad.