Ceannlínte Nuachta

Déardaoin 13 Nollaig 2012 18.17
Comhaireamh na vótaí ar siúl i Reifreann na Leanaí
Comhaireamh na vótaí ar siúl i Reifreann na Leanaí

D'fhreastail an Taoiseach agus an Tánaiste ar imeachtaí i dTuaisceart Éireann i gcuimhne na ndaoine a maraíodh i gcogaí. Leag an Taoiseach fleasc in Inis Ceithleann i gCo. Fhear Manach, áit ar maraíodh aon nduine dhéag in ionsaí buamála de chuid an IRA cúig bliana is fiche ó shin.

Táthar ag súil go gceadóidh an Ghréig buiséad inniu chun airgead tarrthála ón Aontas Eorpach agus ón Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a chinntiú. Tá na mílte duine le dul i mbun agóide taobh amuigh de pharlaimint na tíre tráthnóna le cur i gcoinne €13.5 billiún de bheartais déine.